School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 637
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 24 Is fhearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat - Se sin go bhfuil deoil an choinín níos fhearr ná feoil an chait
25 Is fhearr leath biulín ná bheith gan aran - Sé sin dá mbeadg ocras ar dhuine agus dá mbeadh sé lán a bhéal de aran bhéadh sé níos fhearr ná greim ar bith.
26 Ní béile amháin a ramhrócas muc - Sé sin níl aon chabhair béile amhain sa lá do mhuic ná do rud ar bith eile a bhéithfá ag ramharadh.
27 Ní hé breághachra na mná a chuireas an pota ag fiuchadh - Sé sin an áit a bhfuil bean deas níl aon ghnó í bheith deas mar mbí sí ábalta ar a grathaí a dhéanam ar fud an tighe. Ní choingéochaidh an breághachta suas í mar mbí sí go maith thairis.
28 Is fhearr dhul i gceist ná bheith seisc agus gcómhnaidhe - Sé sin dhá mbeadh beirt ag dul ag pósadh agus an bheirt aca(continues on next page)- Collector
- Máire Muilleach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo