School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 794
- XML “Bia sa tSeanaimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó d'éirigheadh na daoine go h-an mhoch agus go mór mhór nuair a bhíodh na fataí le baint bhíodh siad ina suidhe roimh an lá agus cuireadh siad ortha na bróga le solus cípíní nó coinle mar ní bhíodh aon lampaí aca mar atá anois. Théigheadh siad amach ag obair annsin ag fáinne an laé agus ní íosadh siad bricfásta ar bith roimh iad a dhul amach nó go dtigeadh siad isteach arís timcheall an naoi nó an deich a chlog. Bhiodh pota fataí nó pota starraigh bruithte ag bean-an tighe nuair a thigeadh siad isteach. Chuireadh siad na fataí isteach i mbascéad agus leagadh siad an bascéad i lár an urláir ar phota nó rud eicínt agus shuidheamh uimhir an tigh thart ag an mbascéad. Shuidheamh an cuid is mó aca ar stólta agus an chuid eile chaitheadh siad iad(continues on next page)
- Collector
- Máire Muilleach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo