School: Inbhear (roll number 12568)

Location:
An tInbhear, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac Gearbhuigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 680

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 680

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inbhear
  2. XML Page 680
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aoine Chéasta

    Seo é an lá a crochadh ár Slánuightheóir. Bhíodh trosgadh trom ar an lá seo fadó. Ní óltai acht taé dubh ar feadh an lae agus nior bh'fhéidir blaiseadh d'im no d'uibheacha. Deirtear dá dtugadh duine Turas na gCros cúig uair déag an lá sin nach n-eireóchadh Dia impidh ar bith a d'iarrfadh an duine sin air.
    Leigeann na mná a gcuid gruaige síos le fánaidh an lá sin agus ní chíorann nó ní cuireann suas é go mbí sé i ndiaidh an trí a chlog tráthnóna.
    Deirtear gur mar sin a bhí a cuid gruaige ag an Maighdean Ghlórmhar an lá sin.

    Dómhnach Cásga
    Bíonn péire uibheacha ar a luighead ag gach duine i gcómhair a bricfeasta ar maidin Dómhnach Cásga. Creideann na daoine go ndamhsuigheann an ghrian le h-áthas an lá sin agus duine ar bith a bheadh n-a shuidhe go moch agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Muilleach
    Gender
    Female
    Address
    Gort Meille, Co. Mayo