School: Inbhear (roll number 12568)

Location:
An tInbhear, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac Gearbhuigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 698

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 698

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inbhear
  2. XML Page 698
  3. XML “Scéal - Badán an Bhoilg Riabhaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a thocfaidh go dtí an caileán. Ar deireadh thiar diarr na mic de, céard a bhí ag cur as dó nó nach raibh sé ag cainnt. Dúbhairt sé go dtanaigh fear isteach i gcorachán agus gur bhuail sé le dorn sa mbéal é agus gur bhain sé fiacal as agus gur chuir sé in-a phóca é agus gur imtigh sé leis arís. Dúbhairt na mic annsin nach stopadh siad agus nach mór cómhnóchadh siad go bfághadh siad amach cé bhain an fiacal as a n-athair. Annsin ghléas siad suas long agus thug siad lón lá agus bliadhain leo agus bhí an Badán ag iarraidh dhul leo ach ní raibh siad ró-shástaí leis acht chuir sé chomh cruaidh sin ortha agus ar deireadh leig siad leo é. Bhí go maith is ní raibh go dona. Dimthigheadar leo agus bhí siad ag imtheacht agus ag síor imtheacht agus ar deireadh dúbhairt duine acu go nghabhfadh sé suas ar chrann na luinge go bhfeicfeadh sé an raibh aon píosa talaimh i ngar dóibh ach nuair a bhí sé gar a bheith suas leath-bhealaigh thuit sé anuas in a chraoisde. Annsin dúbhairt an driotháir eile leis. "Toraigh bhfad uait is maith is fiú leat theacht linn; gabhfaidh mé fhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Muiltheach
    Gender
    Female
    Address
    Gort Meille, Co. Mayo