School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 748
- XML “An Fear Feasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féadhfadh bean an maighistir tada a dhéanamh ingan fhios do Seaghan óir bhí "fios" aige. Bhí sise in grádh le ministeór a bhí mar comharsain i mbéal doras aice agus cuile seans a gheobhfadh sí bheadh sicín nó rud éigin mar sin curtha amach aici go dtí an Ministeór. Ach anois o tháinig Seaghan goidfeadh sé na siciní agus d'íosfadh sé féin iad.
Oidhche ag an suipéir do Sheaghan agus a mháighistir dubhairt an máighistir mar leith-sgéal leis "Is gann an suipéir atá againn anocht a Sheaghan"
"Tuige a mháighistir" arsa Seaghan agus leis sin rug sé ar an gcat a bhí taobh leis leig an cat sgeamh as
"Ó" arsa Seaghan " Tá gréigís ag do chat a mháighistir"
"Muise bhfuil a Sheagháin"
"Tá" arsa Seaghán
"Agus céard deir sé a Seaghán"
"Deireann sé" arsa Seaghán "go bhfuil lachann istigh ag do mhnaoi agus(continues on next page)