School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 038
  3. XML “Nósanna a Bhaineann le Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nósanna a bhaineann le bás.
    Ní ceart uaig d’oscailt maidin Dé Lúain.
    Baineann siad dá scráith de’n uaigh Dé Domhnaigh.
    Nuair a chuirtear duine san uaig is cóir a chosa a shíneadh soir ó dheas. Deirtear soir ó dheas atá Flaitheas Dé.
    Nuair a chuirtear duine san uaig deintear na “rivití” do thógaint anois agus cuirtear ar clabhar cómhrann iad go mbeadh cead ag an gcorp eirighe agus ná beadh nídh á coiméad.
    Deineann duine de mhuinntir an duine mhairbh an uaig d’oscailt agus ní ceart é dul in a aonar.
    Nuair a bhíonn an corp á chur cuirtear anuas ar clabhar na cómhrann na cnámha a bhí san uaig roimhis sin.
    Nuair a tógtar amach an corp as a dtig tógtar amach gach stól agus gach aon chlár go mbíonn na daoine ‘na suidhe ortha ar feadh na h-oidhche. Iompuighthear an bórd taobh síos suas. Sin nós atá riamh ann agus beidh go deo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry