School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 014
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sgéul
    Bhí baintreach fad ó shoin ann agus bhí beirt mhac aici. Dubhairt duine acu lá le’n a mháthair go raibh in am aige féinig bheith ag bailiú leis ag pléidheá a fortúin dó féinig. Dubhairt sé leis imtheacht. Dubhairt sé léi go imtheochadh sé ná fanfadh sé aon lá eile sa bhaile. “Déanfaidh mé dá bhulóig” ar sise le’na mhac. Lár na mháireach nuaiar d’eirigh sé tháinig a mháthair chuige. “Ciaca ‘s fearr leat an bhulóg beag agus mo mhíle beannacht nó an bhulóg mhór agus mo mhíle mallacht?” ar sise. “Bheil a máthair, tógfaidh mé bhulóg beag agus do bheannacht” ar seisean. “Tá go maith” ar sise. Thug sí póca mhór do ‘indiarubber’ cur ar bhulóg do chur isteach ann. “Déanfaidh blúire páipéir an gnó chomh maith” ar seisean. “Ní dhéanfaidh,” arsan bhaintreach, “beir leat é sin.” “Déanfaidh mé rud ort,” ar sise. Bhuail sé chuige í an bhulóg agus chuir sé cun bhóthair an céad áit gur bhuail sé leis ná isteach i gcoill. Bhí sé sé míle ar fhaid agus deich míle ar leitheadh agus an céad rud a bhuail leis (bhí caint an uair úd ag ná h-aimhidtibh) ná gabhar agus caoire. “Cad tá uait,” ar sé sin leis an ngabhar. “Deoch fíona.” arsa an gabhar. “Cá bhfaighfainn-se fíon duit anois?” arsa é sin, “mara bhfagfair, bailigh leat.”
    “Cad dúbhairt an gabhar leat.” ars an caoire.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    69
    Address
    Killarney, Co. Kerry