School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 047
  3. XML “Bean na Pípe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean na Pípe

    Bhí saol breágh subháilceach aig ‘en a lán de mhuinntir Dhuíbhneach ‘sa t-sean-a shaoghal. Théidheadh a bhfurmhór ‘an Daingean gach aon Sathairn, bíodh cúram acu ann nó ná bhíodh. D’óladh a lán acu a ndóthain nó d’á ndéarfainn é an iomad. Ag filleadh abhaile dhóibh go deirinneach istoidhche chídís bean in a suídhe ar chliathán an bhóthair agus píp tobac á chaitheamh aici. Ní leigfeadh eagla d’aoinne díobh labhairt léi mar bhíodar cinnte nár b’aon bhean shaoghalta í. Le linn na h-aimsire sin ráinig go raibh easba tobac ar fad ins an gceanntar ‘na gcídthí an bhean agus tá a fhios ag an saoghal gur deachair le duine atá túghtha do’n tobac déanamh ‘a éaghmuis ar feadh aon aga fada. Tagann “buile tobac” air. Tá gach aon deallramh go raibh an buile tobac go h-olc ar an bhfear so agus gan aon fhaoiseamh le fághail aige. “Seadh” arsa é sin nuair a bhí deire na foidhne caithte, “Ní stadfad go raghaidh mé ‘dtí bean na pípe agus loirgeóchaidh gal uirthi.” Cuaid sé chúici agus ní h-é an t-eiteachas a fuair sé. Shín sé cuige an phíp agus badh mhaith an sás eisean cun deatach a sgaoileadh ‘san aer. Sásaim sé é féin, labhair an bhean “Is fada mise annso” a dúbhairt sí “agus níl aon dul go leigfí isteach ins na flaithis mé nó go loirgeóch duine éigin gal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobháin Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Address
    Lackabane, Co. Kerry
    Informant
    Gearóid Mach Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Lios Póil, Co. Kerry