School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 077
  3. XML “Bacach an Teampaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bacach an Teampall
    Bhí ainm aedharach ar bóthar áirighthe. Deirtí go raibh sprid le feiscint ann gach oidhche ach ní leigfeadh eagla d’aoinne labhairt leis. In deire na dála tháinig fear agus cheap sé go mbeadh ana mhisneach aige dá mbeadh braoinín ólta aige. Tháinig mo dhuine tráthnóna agus bhí sé cuibhseach meidhreach nuair a gaibh sé an bóthair. Connaic sé an sprid agus tháinig crith cos agus lámh air. Fé dheire do labhair sé agus dubhairt “Cad tá uait,” ar seisean, “in ainm Dé?”
    “Píop is tobach do bacaigh a teampuill, chuir-se féin rann as san” arsa’n sprid.
    “Cuirfidh mé,” ar seisean.
    “Dá mbeidhfeá-sa istig i bFlaithis Dé in am ní beidhfeá id’ anncaire annso.
    “Go graidhin go dtalamh tú,” arsa’n sprid, “is mó lá atá tabhartha agam anso agus níor fhreagair aoinne mo cheist dom. Raghaidh mé anáirde go Flaithis Dé gan aon mhoill. Sin a raibh de mhoill orm ach an méid sin. Cidhfidh tú mé ag dul agus ní chuirfidh mé aon eagla ar aoinne feasta arís. Tabharfaidh mé an méid sin le feiscint duit.” Connaic an fear an soluis is breághtha dá bhfeaca sé riamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ua Muirceartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Glencar, Co. Kerry