School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 067
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tithe na Sean-aimsire
    Trom a bhíodh mar ceann ar na tigthibh fadó. Ghéibhtí an trom sa coill. I gcladhthacha críonna is mó a bhíodh sé ag fás, é féin agus dair. Bíodh leabaidh sa cúinne in aice leis an dteine – leabaidh cnaiste a tugadh uirthi. Bíodh an teine i lár na binne agus leabaidh ar gach taobh go minic. Bíodh poillín ar dhíon an tighe cun an deatach do leigint amach. Ní dhéanfadh cré bog an moirtéil ‘n aon chor. Bhíodh ortha an criadh ceart d’fághail. Tá dhá saghas de ann – an criadh a bheadh ceangailte do’n léan, ní h-aon mhaitheas é sin. An criadh (nó cré) ná ceanglocadh do’n léan, sin é an ceann is fearr.
    Bhíodh dhá dhoras ins na tighthibh ach is minic ná raibh ann ach aon doras amháin. Bíodh an doras i bhfad ó’n dteine cun fothain a bheith ag an simné.
    Ní bhíodh aon fhuinneóg ann ach ag brath ar an ndoras cun an solas do leigint isteach. Is minic a bhíodh poll ann agus sop féir a sathadh isteach agus é líonadh go maith.
    Solas agus adbhar dteine “Rootaí” den gcraobh glas. Strachaidís anuas de’n claidhe mar is maith an teine an t-aiteann glas nuair a thagann as uaidh féin. Bhí scuilb giuimhaise nó geatairí aca. Baintí an croiceann de’n geataire agus é tumadh in íle agus fágtaí ‘na seasaimh iad san íle agus lastaí iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Míceál Ua Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry