School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 123
  3. XML “An Chéad Phíosa Filíochta a Scríobh Eoghan Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Chéad Píosa Filidheacht a sgríobh.
    Eoghan Ruadh
    “Is mór an oirfeadh bheith cára mhná tighe de bhuachaill stóic
    Ar bharra na mínte fuara fliucha
    Gan bainne, gan im, gan aón saghas nídh
    Ach tóiríní fraoíg gan luachra.”
    Lá amháin chuaidh Eoghan Ruadh go dtí Corcaigh. Bhí sé in an-aingceis ar fad agus bhí a cuid éadaigh réabhtha as a chéile. Bhí cuma an fhir siubhail air. Chuaidh sé isteach i siopa leabhair, agus bhí sé ag lorg leabhair Gréigise. Cheap an fear gur amadán a bhí ann, agus dúbhairt sé go dtabharfádh sé an leabhar ar neamh nídh dó dá mbeadh sé ábalta é léigheamh. Tógh Eoghan Ruadh an leabhar agus do léigh sé amach é go breágh. Bhí ionghnad ar an bhfear agus bhí an buadh ag Eóghan Ruadh.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
    Pádruig Uí Cróinín, Cnoc-na-Groidhe
    Cailín a fuair an sgéal – Cáit Ní Cruimthin, Sgoil na Trócaire, Cill Áirne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Cruimthin
    Gender
    Female
    Address
    Killarney, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Ua Cróinin
    Gender
    Male
    Address
    Knocknagree, Co. Cork