School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 129
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Laetheannta Áirighthe
    Oidhche na Coda Móire:- Oidhche an dhóithín mhóire = Oidhche chínn blíana.
    Lá san Seán Mór:- An lá is sia sa bliadhain.
    Lá san Seán Beag:- An naomhadh lá fichead de Mheitheamh, sé sin Lá Peadar agus Pól.
    Lá le Muire na Daibhche:- An chúigeamhadh lá de Lughnasa. Bhíodh ólachán agus tenteanna agus bíadh agus deoch i gCaisleán na Gréigre mar lá le patrún.
    Lá le Muire an Daingean:- An t-ochtmhadh lá de Mheadhon Fhoghmhair, bíodh patrún san Daingean. Bíodh sé in a saoire fadó ach chuireadh amach é.
    Lá le Mhíchíl:- Bhíodh sé ina lá saoire ag na figheadóirí agus ní bhíodh na mná ag sníomh.
    Lá le Bríghde:- ‘na saoire ag an gcasaidhe.
    Lá le Mártan:- Baintí fuil de ghé nó chearc nó lacha – fuil do tharrac cun onóir do thabhairt do Dhía.
    Lá le Tomás:- Trí lá roimh Nodhlaig.
    Ainm an duine ó’n a bhfuras íad seo:-
    Seán Ua Muirceartaig
    Tig na mBocht, Cill Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Gleann Cárthaig
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Muircheartaig
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry