School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 143
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Oidhche lae Mártain a bhí ann. Dá oidhche déag ó oidhche Shamhna go h-oidhche lae Mártain. Bhí an feirmeóir i dtig tabhairne agus dubhairt sé go raibh aithreachas air ná raibh sé sa bhaile mar nár imthig aon oidhche lae Mártain riamh uaidh ná ón a athair roimis ná marbhóchadh sé mairt. Dubhairt fear an tighe go raibh sé luath a dhóithin fós. “Nílim” ars seisean. Chuir sé dhó chómh tapaidh is d’fhéad sé, agus dubhairt an guth leis é do thógaint go bréagh socair go raibh an méid sin déanta ag a mhac roimis. Chuaidh sé abhaile agus dlfhiafruig sé dá mhac ar mhairbh sé aon nídh. Dubhairt sé gur mhairbh. “Cad a marbhuigís?” ar seisean. “Marbhuigheas caoire dubh” ar seisean. “Cad na thaobh nar mharbhuigís ceann a b’fearr ná í sin?” “Eirig id shuidhe go ragaimíd d’iarraidh ceann a bhfearr ná í.” Ní fhéadfaidís na caoire do chur isteach. Dubhairt a mhac leis dá mbeidís gan caoire do mharbú go deó airís ná raghadh sé féin níos déine ortha. D’éirig an t-athair lá ar na bháireach annsan. “Cad é an t-éiteach a dubhraois liom aréir?” “Ní dubhairt aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry