School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 049
  3. XML “Iníon na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Inghean an Baintrighe
    Bhí baintreach fadó agus bhí triúr inghean aici. Lá de’s na laetheannta dubhairt an cailín is sine lena máthair ná raibh aon gnó ag an dtriúr achu sa bhaile. Dubhairt an mháthair go ndéanfadh sí dá bulóig aráin. Nuair a bhíodar déanta aici d’fhiafruig sí de’n gcailín ciaca a dtógfadh sí – an ceann mhór agus a mhallacht nó an ceann beag agus a beannacht.
    “Tógfad an ceann go mbeadh an raidhse innte” ars an cailín.
    Bhailig sí léi amáireach agus bhí sí ag chur dí i gcaitheamh an lae go léir. Bhí na tighthe ana fhánach an uair sin óna chéile. Connaic sí solus i bhfad uaithe agus chuaid sí fén a dhéin. Chuaid sí isteach go dtí tig go raibh fear ann in aonair. “An cailín tusa atá ag lorg maighistir nó maighistir ag lorg cailín?” ars an fear. “Cailín ag lorg maighistir” ar sise.
    Thug sé lóistín go maidin annsan dí. Chuir sé dhá asal ós a cómhair agus dubhairt sé léi an dhá asal do leanamhaint agus an rud deireannach a íosfaidís agus a ólfaidís thabhairt chuige féin. Bhuail comthalán mór rinnce leo ar an mbóthar agus d’fhan sí ag an rinnce agus chuir an dhá asal díobh agus d’fhan sí ag an rinnce go dtangagadar aríst. Thángadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Buirtinig
    Gender
    Female
    Address
    Killarney, Co. Kerry