School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 087
  3. XML “Nósanna a Bhaineann leis an mBás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nósanna a baineann leis an mbás
    Is iomadhamail agus greannmhar iad na nósanna atá, nó a bhíodh ag roinnt leis an mbás in áiteannaibh iargúlta sa dúthaigh seo:-
    Ba gnáthach go mbíodh tórramh sa tig in a mbíodh corp. Bhíodh píopanna agus tobac agus snaois á roinnt ar an daoinibh a thagadh dtí an tórramh. Ní bhíodh trosgán a ndóthain ag muinntir an tighe cun fóirithin ar na cuairteóiribh agus geibhtí iasacht trosgán ó’s na cómharsannaibh, ach ar ór ná ar airgead. Ní cuirtí duine in a aonar ag triall ar aon nidh, le h-eagla ná beadh an rath ar an duine sin. Chuirtí beirt ag triall ar gach aon rud a bhíodh ag teastabhail ar an gcuma san. Agus deintí mar an gcéadhna ag cur na n-guírléidi thar n-ais dos na daoine go mbadh leo iad. Tá sé ráidhte riamh gur “Sgéal a thairgeann sgéal.” Nuair a cuirtí an corp agus é gléasta san aibíd ins an leabaidh mar is gnáthach a dhéanamh bhíodh peidhre stocaí ar chosaibh an chuirp. Cuirtí biorán ar an dá stoca d’fhonn is na cosa a choiméad go feistighthe le’n a chéile. Tugtaí aire mhaith go dtógfaí an biorán as na stocaí sul a gcuirtí an corp isteach san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cróinín
    Gender
    Female
    Address
    Killarney, Co. Kerry
    Informant
    Gearóid Mach Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Lios Póil, Co. Kerry