School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 043
  3. XML “Díol agus Ceannach”
  4. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Díol agus Ceannach
    Bíodh peidléirí ag dul tímpall agus íallachas, raicí agus snáthaidí á ndíol aca. Thabharfaidís duit íad ar phíosa phlainnín nó an ruaimneach a bhí ar eirbeall capaill. Bhíodh ana dhúil aca an ruaimneach d’fhághail cun “brushanna” do dhéanumh. Dheinidís na “brushanna” do’s na daoine a cheannóchadh uatha iad, mar ní bhíodh aon sguab eile ag imtheacht ach íad an uair sin. Dheinidís “sheeranna” móra páipéir de phlainnín. D’fhanadh na peidléirí ins na tightibh – ní chuiridís aoinne amach san am san. Bhí na daoine ana nádúrtha an uair sin. Thagadh na tinncéirí uair sa coichtighdheas. Ní fhéadfá íad do chur amach. Dá mbeadh cruach móna in aice leó ní fhágaidís fód agat. Chuir na daoine as na h-áiteanna sa deire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An t-Aonach
    Uair sa coichtighdheas fadó, bíodh aonach ar an sráid. Chaitheadh gach duine díol as a chuid chapall agus as a chuid muc. Ní fhéadfadh duine dul ar an aonach gan an “custom” d’íoch.
    Dá gceannuighinn capall nó aon ainmhidhe ceithre cos caithinn é cur “ar éirneast” ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry