School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 008
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bliadhain De Samhain seo 'sé déanaim an chreach orainn

    25/2/’38
    1. Bliadhain de Samhain seo, ‘sé déanamh an chreach orainn
    Ní amháin ar Ghaillimh ach chuile áit sa tír
    Nuair sgiub an bás uainn an sean fhear áluinn
    Máirtín Mór a bhí ina T.D.
    2. Nuair a chuaidh an sgéal cráidhte ar fud na háite
    Bhí lag is láidir in dólás faoi.
    Bhí a charaid caillte aca thóigfeadh lámh leob
    As chuile cruadh chás dá dtéighfeadh siad tríd.
    3. Tráthnóna Dé Domhnaigh ’sé tóigeadh amach é
    As an bparlús áluinn a chaith sé a shaoghal.
    D’fhág sé a dheirbhshiúir bhocht go brónach craidhte
    Ní indiu ná amáireach ach chuile lá choidhch’
    Bhí íseal is uasal as chuile ceárd ann
    Ó fhear an bháinín go dtí an T.D.
    Ní raibh bóthar treasna ná coirnéal sráide
    Ó d’fhagfá an séipéal go dtí tornóg aoil
    Mar a raibh mná agus páistí ’gol is ag gárghail
    Mar gheall ar Mháirtín bheith ag dul faoi’n gcré
    Nach cráidhte an t-amharc (afarc) – Chomhairfeá an lá úd
    A cholann uasal dhá iompar síos
    A chuid siopa lastair, a mhuileann ’adhmaid
    A siopaí áluinn is a stórtha síl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Ní Congaile
    Gender
    Female
    Address
    An Tuairín Mín, Co. Galway