School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 130
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhí Concubhar Rí Uladh in a fhear óg chuaidh sé féin agus a shluagh amach ag fiadhach lá. Bhí draoi i ngar don áit agus bhí fhios aige go raibh siad amuigh...”
Nuair abhí Concubhar rí uladh in a fhear óg chuaidh sé féin agus a shluagh amach ag fiadhach lá. Bhí draoí i ngar dhon áit agus bhí fhios aige go raibh siad amuigh agus tharraing sé ceo trom ortha agus chuir sé amúdha an rí ar an gcuid eile.
Bhí an rí ag imtheact agus ní raibh fhios aige cá raibh sé ag dhul, ac sa deire tháinic sé go dtí geata theach an draoí.
Chuaidh an draoí amach roimhe agus chuir sé na mílte fáilte roimhe agus d'fiafruigh sé dhó céard a chas annsin é. D'innis an rí dhó cén chaoí a dtáinic an ceo air agus chuile shórt. Agus ar ndóigh bhí fhios ag an draoí go maith céard a thárla dhó mar is é féin a chuir an ceo air.
"Teannam uait isteach go dtí an teach" adeir an draoí "no go mbéidh dinnéar againn" Chuaidh an bheirt isteach agus bhí an dinnéar i ngar a bheith réidh nuair a tháinic siad isteach. Agus nuair abhí sé réidh shuidheadar ag an mbord ghá ithe
Chomh luath agus a rug an rí ar a' bhforc chuir an páiste sgread as i mbruinn a mháthar.
D'eirigh an rí agus dubhairt sé n-íosfadh sé agus nac n-ólfadh sé aon nídh no go mbeadh fhios aige cén fáth an sgread a chuir an páiste as(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway