School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 082

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 082

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 082
  3. XML “Iascaireacht agus an Chéad Toradh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. An chéad íasc a mhairbhuigheas tú ní maith leat é a roinnt
    2. Ní roinntear an chéad toradh
    3. Bíonn im leis an gcéad béile fataí nuadh
    4. Ní cheart an chéad chuan a bheadh ag madadh a choinneál.
    5. Báidhtear an chéad cuan cait.
    6. Má bhearann madadh ort, tarraing Ruainne de'n fhoinneach de'n mhadadh. Cuir leis an lot é agus báidh an madadh.
    7. Tá cás mór dhuit má fághann tú gloine tús phota.
    Má thugann tú splanc as an "still house" béidh faitchíos ar an stiléar nach mbéidh sé ádhmhail agus má tá toirneach ann caithfidh siad Crois Chéasta iarainn síos sa leann.
    8. Dá mbéadh bó droch mhuinte (dudach) aca tugann siad déirce bainne trí h-uaire uatha don té is mó theastuigheanns sé uaidh.
    9. Bligheann siad an chéad trí sruth bainne ar an talamh tar éis breith don bhó.
    10. Dhá mbéadh do chuid beithidhigh ag troid le chéile le iad a shuaimhneadh chaithfeá trí braon "Shean Máighistear" (moin) ortha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir