School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 112
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí Rí ann fadó agus bhí inghín amhain aige. Ní raibh an inghín ach leith bliadhain nuair a cailleadh a máthair.

    Bhí Rí ann fadó agus bhí inghín amháin aige Ní raibh an inghín acht leith bhliadhain nuair a cailleadh a máthair. Bhí air an athair cailín aimsire fhághail a bheith ag tabhairt aire go an [os cionn: don] inghín. Fuair sé inghín col ceathar dhá bhean fhéin. Bhí sí ag tabhairt aire go an inghín. Cailín deas a bhí innte agus bhí ann mheas ag an Rí uirthe [< ortha] agus lá amhan [!] dubhairt sé go bpósfhadh sé i. Chuala athair an chailín go raibh an Rí le í a phósadh, agus bhí ann áthas air. Tháinig sé ar cuairt go dtí pálás an Rí agus bhí an Rí sa bpálás an t-ám sin. Dubhairt an Rí go raibh sé leis an gcailín a phósadh agus dubhairt an t-athair go raibh ann áthas air go raibh fear chom bhreágh sin aice. Bhí an cailín ag tabhairt ann aire go inghín an Rí. Rinneadh an cleamhnas agus pósadh an bheirt aca. An lá a raibh siad ag dul pósadh bhí an inghín gléasta go han dheas. Bhí a h-athair ann bhocht. Nuair a pósadh iad thug an Rí go leór airgid go an [> don] aithair [!]. Mhair an bheirt aca go han sona. Agus bhí sí ag tabhairt ann aire go inghín an Rí. Nuair a bhí inghín an Rí trí bliadhna bhí mac ag bean an Rígh agus bhí ortha banáltra a fhághail lé aire a thabhairt go an [os cionn: don] mhac agus go an [os cionn: don] inghín. Bhí gaol ag an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Bairbre Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Address
    An Tuairín Mín, Co. Galway