School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 101
  3. XML “Úr Artúr agus Lámh Dhearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Úr artúr agus Lámh Dhearg
    Bhí rí ar Éirinn ar a tugadh Cúraoí Mór. Bhí triúr mac aige; Úr artúr agus Lámh Dhearg na h-ainmneacha a bhí ortha. Bhíodar ann tugtha do fhiadhach agus ní raibh sliabh ná coill in Éirinn nac raibh siubhalta aca ar lorg na bhfiadh Lá dá raibheadar amuigh ag fiadhach bhí an t-athair is an mháthair fágtha sa teach gan duine ná deoraidhe le aire a thabhairt dhóibh. Tháinic "Sparán na Bruidhre" flaith cumhactach as an Domhan Thíos Nuair a fuair sé an triúr mac ag fiadhach agus [?] bhain sé na fiacla dá n-athair agus d'imthigh leis go Tír-fó-Thuinn aríst
    Ag filleadh abhaile don triúr bhí ann bhuaidhreadh agus ann bhriseadh croidhe ortha. Dubhairt Úr an mac ba shine dhá mbeadh sé féin sa teach nac rachadh Sparán na Bruidhre slán thar an tairseach
    Dubhairt Artúr an dara mac dhá mbeadh sé sa mbaile ----
    ac dubhairt Lámh Dhearg nac mbeadh sé féin indon tada adhéanamh le stop a chur le faill [?] an Sparáin Nuair a chuala an rí é seo tháinic cuthach feirge air agus ruaigeadh Lámh Dhearg as an teach. Annsin dubhairt sé leis an mbeirt eile nac mairfeadh sé mara bhfuigheadh sé na fiacla ar ais agus d'iarr sé ortha dhul ar thóir Sparáin agus na fiacla a bhaint dhe agus iad a thabhairt ar ais
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraic Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Doire Fhatharta, Co. Galway