School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 132
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...”
Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin agus chuaidh sé lá go dtí sean fhear glic agus d'fiafruigh sé dhó céard a bfeárr dhó a dhéanamh leis. Dubhairt an sean fhear glic leis é a chur isteach idteach ar oileán agus gan aon duine eile a bheith ann ach é féin agus an searbhóghanta a bheith aige.
Tháinic an Rí abhaile agus thug sé leis an mac agus duine de na shearbhóghantaí agus d'fága sé istigh ar oileán iad agus d'fága sé neart beatha aca.
Bhí siad istigh annsin agus bhí agus bhí [!] saoghal maith aca ann.
Buaileadh an doras oidhche agus dubhairt mac an Rí nac bhféadfadh sé é a leigint isteach mar go raibh glas ar an doras agus nac bhféadfadh sé é abhaint dhó
"Ó má's maith leat mé abheith istigh" adeir an té a bhuail an doras tiocfaidh mé isteach gan an doras a osgailt cor ar bith. Nuair a bhí siad sgathamh ag caint le chéile chuaidh siad ag imirt cártaí agus d'imir mac an Rí.
"Tabhair do bhreith anois" adeir an fear eile "Bhfuil fhios agat an pháirc atá amach ar aghaidh teach m'athar?" "Tá fhios" adeir sé "Bíodh an pháirc sin lán le na caora is breághtha agus is deise a chonnaic aon duine ariamh"(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway