School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 022
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tráthnóna areir is mé ag siubhal liom féin, Is mé ag tígheacht ar éadan loch na líon, Sheas mo ghruaig suas fré chéile, Le eagla géar agus gan fios cén fáth.”
Tráthnóinín aréir is mé ag siubhal liom féin
Is mé ag tígheact ar éadan Loch na Líon
Sheas mo ghruaigh suas fré chéile
Le eagla géar agus gan fios cén fáthLas na réalta ar fad 'mo timcheall
Fuair mé léargus beag ar mhnaoi
Lot sí mo thaobh le saighead glan géar
D'fág sí léas trí lár mo chroidheA Spéir bhean múinte ná buail fúm-sa
Dhearc mo shnuadh nac bhfuilim slán
Tá mé stuacach crosta gruamach
Páirt de mo shnuadh ar eabaidh ballNá ceap is ná síl mise curtha dhíot
Is a liachtaighe Rí breágh chuir mé chun báis
Ó fuair mé sgéala ar fheabhas do thréithre
Go siubhalfainn Éire le fonn thú a fhághailMás í an fhírinne atá tú a' déanamh
Suidhfidh muid síos go n-eirighe an lá
Go bhfághaidh muid sgéala bhfuil sé in Éirinn
Aon nídh faoi'n saoghal seo leigheasfadh grádh(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brígid Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway