School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 122
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ins an teach ach í féin agus a triúr ingean. Bhí garrdha beag amach ar aghaidh an tíghe agus gabáiste curtha ann, agus bíodh rud eicínt ag ithe an ghabáiste.”
Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ins an teach act í féin agus a triúr ingean. Bhí garrdha beag amach ar aghaidh an tíghe agus gabáiste curtha ann, agus bíodh rud eicínt ag ithe an ghabáiste.
An oidhche seo dubhairt an ingean ba sine go ngabhfadh sí féin amach ag faire an gharrdha gabáiste
Chuaidh sí amach agus thug sí feac láighe léithe Ní raibh sí a bhfad ann nuair a tháinic an fathach mór agus chrom sé ag ithe an gabáiste
Nuair a chonnaic an cailín é bhuail sí den feac é.
Ghreamuigh lámha an cailín san bhfeac agus ghreamuigh an feac don fathach agus d'árduigh an fathach leis go dtí a chaislean féin í
Ar maidin lá ar na bháireach bhí an fathach ag dhul amach a' fiadhach agus dubhairt sé léithe go bhféadfadh sí chuile sheomra san gcaisleán a shiubhal ach aon t-seomra amháin
Chuaidh sí ag siubhal na seomraí agus nuair abhí siad siubhalta uilig aice ba mhaith leithe fios a beith aice céard a bhí ins an seomra eile agus chuaidh sí isteach anna gus chonnaich sí go leor daoine marbh ann. Chuimil sí a méar don fhuil abhí ann. Ghreamuigh an fhuil dá méar - agus chinn uirthe í a bhaint amach Nuair a tháinic an fathach d'fiafruigh an(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seosamh Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway