School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 062
  3. XML “Tá na Páipéir á Shiniú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá na páipéir ghá sineál is tá na saighdiúir ag dul anonn
    Tá na drumadóirí aoibhinn áerach, is Clann Na nGaedheal ag gabhail go tír na long
    Dhá mbeadh agam is duit a bhéarfainn céad is dhá bhó
    Ar chúntar is go mbéinn mar Rún leat go Condae Mhuigheo
    Ag luighe dhom san oidhche 'sí m'osna bhíonns mór
    Is ag eirigh dhom ar maidin 'sí mo pháidir mo dhéor
    Tá gruaig mo chinn ag tuitim is ag imtheacht mar an ceó
    Is le cumha indiaidh mo stóirín ní bhéidh mé i bhfad beo
    Nuair eirighim-se amach go h-uaigneach agus nuair a fhéachaim uaim ar an gcnoc úd thall
    Smaoinighim ar an gcúilín durlach a d'fág an cruadh arainn tré mo lár
    Tá mo chroidhe istigh 'na leac de gual dubh is fear mo thruagha níl ach Rí na ngrást
    Is fé brí cailín óg a bhéarfas uaim thú go síntear síos í i gconra chláir
    Tá mo stocaí is mo bhróga is iad stróicighthe liom síos
    Tá mo ghrádh geal pósta is mo bhrón géar le sníom
    Tá giní i dteach an óil orm is níor ól mé 'Riamh dha phighinn
    Ach mo bhrón ghéar a mhíle stóirín gan muid ól seal aríst.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máirtín Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Doire Fhatharta, Co. Galway