School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 150
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Seacht bpaidreacha fá seacht, Chuir Muire dá mac...”
Chuir Muire dá Mac
Chuir Brighid faoi'n a brat
Chuir Micheál faoi'n a sgiath
Chuir Dia ar Neamh
Idir sinn agus bás Píc'
Idir sinn agus gaoithe na gcnoc
Idir sinn agus Náire Shaoghalta
Idir sinn agus súil chruadh Na Ndaoine
Idir sinn agus Cathughadh an ádhbháiseóra
Idir sinn agus gach olc
'Amén a Thighearna(no title)
“Ofráilimuid suas an Páidrín seo in onoir agus in impidhe Dé...”
Ofráilimíd suas an paidrín seo in onóir agus in impídhe Dé agus Na Maighdine Beannuighthe ag iarraidh luaidheacht an Pháidrín seo ag iarraidh buadh agus treis ar ár námhaid anam agus corp. Le h-anam ár n-aithreacha agus ár máithreacha ár ndeirbhshiúireacha agus ár ndearbhrátharacha ár n-uncalacha agus ár n-ainteacha ár gcolceatharacha agus ár gcol-cúigearacha agus ár gcáirde gaoil go h-iomlán. Le mar a chíonn Dia Fuigheall Faoistean smál peacaidh Faillighe Aifrinn lae saoire ná Domhnaigh, gealltanas saoghalta ar bith nár fhéad siad féin a Chómh Líonadh, Dia móire méadú ar a nGlóire laghdú ar a bpianta a tabhairt aoibhneas síoraidhe agus sólás na Maighdine Glórmhara dár n-anam agus d'anamnacha mairbh Purgadóireacht an domhain go léir.Ámén a Thighearna- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Áine Bean Pheadair Uí Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway