School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 060

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 060

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 060
  3. XML “An Cheamach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Céad slán de bhliadhain an taca seo ba dheas i mo Chulaith Éadaigh
    Bhí mé indon dul chun cainnte le uasal is le gaedhealach
    Nó gur phós mé an Chiomach mar bhí cúpla bó de spré aice
    Is d'fág sí fuar follamh mé 's mo chraiceann geal gan éadach
    D'eirigh mé ar maidin go dtéigheann ós cionn mo láighe
    Ní bhfuair mé an teine faduighthe romham nó falach ar na páistí
    Ní h-é sin féin a mharbhuigh mé dhá mhéid dá raibh mo dhólás
    Ach mo leanbh bán ag sgreadach is an Chiomach i dteach na comharsan
    Comhairle oraibh-se a bhuachailí an méid agaibh atá gan pósadh
    Ná fágaidh bean mhaith 'nbur ndiaidh mar gheall ar bheith gan bó í
    Nár bhfearr dhíb bothán glan agaibh le teacht isteach tráthnóna
    Ná luaithe bhuidhe na seactmhaine dhá cur amach Dia Domhnaigh
    Tá sgéal ann-bheag le n-aithris agam is tá náire orm é innseacht
    Bhí triúr nó ceathar fear agam ' tarraingt sláimín aoiligh
    D'imthigh sise ar maidin mar b'faisiún léi dhéanamh
    'S dheamhan a tháinic abhaile dhí go
    tuitim ceo na h-oidhche
    Iarraim ar Dhia is ar Mhuire lá amáireach bheith 'na bháistigh
    Is nár theighidh aon bhád ar fairrge ná leath bhealaigh go Dhoir' Fhárta
    Mar fuair mé gloine fuisge ó Cailín na Cúile báine
    Agus shíl mé go raibh mil uirthe ó tháinic sí trí mo lámha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraic Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Doire Fhatharta, Co. Galway