School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 032
- XML “Buachaill Caol Ard”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is a bhuachaill caol árd is é mo ghrádh liom t-éadan tanaidhe
Bíonn mo mhuinntir dhá dhíbirt gac oidhche dá dtéigheann sé ar cuairt
Béal an Átha Buidhe is é a fhághail breac ballach le buaibh
Is go dtiubharfainn do mo mhian é ach é a fhághail sínte le bun an chnuic ruaidh'Sa bhuachaillín bán nac breágh is nac deas é do shnuadh
Do leiceann-ín áluinn is ní áirighim leagan do shúl
Chonnaich mé an lá gur measa leat mise na triúr
Glach misneach a ghrádh bán agus ná fág mé an fhad eile faoi bhrón'Sa bhuachaillín bán is tú tús agus deire mo sgéil
Shiubhalfainn-se an drúct leat is ní lúbfainn bárr glas an fhéir
Phósfainn-se tusa marach triúr is ceathar do dhiaidh
Ach dhá mbeadh mo "Mhammy" le cúmhthach is tú rún is grádh geall mo chléibhIs a' gcuimhnigheann tú a ghrádh bán an oidhche a raibh muid cruinn sa teach mór
Bhí na gloinneacha fíon ann is iad líonta gábhail tharrainn ar bord
Nár mhilis é an fíon, is nár mhí mheaseamhail bean i dteach óil
Tá mo ghrádh-sa cruadh críonnais céad faraoir tá mise go h-óg'Sa bhuachaillín bán nár mhór é mo chathughadh 'do dhiaidh
Chuir mé an fhuil t-sróna naoi n-uaire ó mhaidin indé
Níor bhlas mé go bhiadh ó chuala me fearg do bhéil
Ach má théigheann tusa romham-sa cuirfidh mé leac ort sa gcr [?](continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádhraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Doire Fhatharta, Co. Galway