School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 058
  3. XML “Muicín Cháit”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá triúr sa mbaile seo atá dhul ghá ngléasadh
    Ag dul chun féasta ar an mbaile Suas
    Marbhuigheadh muc go Rí Na Féile
    Agus ar ndóigh bhí spréactha ar fuisge fuar
    Bhí galún fuisge ann ón drifiúir "Taret"
    agus togha na gréige de chuile shórt 'ráin
    Bhí "jam" in a chrocaí ann is "marmalade"
    Is "Curran" "Cakes" ó Tígh Conroy anall.
    Ní fhacas bríb(?) ó bhíos i m-óige
    Mar an tóir abhí ar mhuicín Cháit
    Bhí Cóil is mias aige is é ' gearradh feola
    Is Cáit ghá róstadh is ag cur jam ar 'rán
    Is go gcloisfeá an torann ins na beanna beóla
    Is maidir le ceol do bhí sé ann
    Nuair a bhí an t-easbog tígh an athar Edward
    Ní íosfadh sé aon fheoil mar a mbeadh sí ann
    A Cháit nár lagtar thú is go raibh tú saoghalach
    Is gur buan sa tír thú ag tarraingt Coróin
    Ba mhaith an áit é le teacht go dtí thú
    Mar do bhíodh síamsa ag sean is ag óg
    Nár ba fada go mbéidh teac ceann slinn agat
    Is ná raibh tú in do mhaoir ag aon fhear níos mó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Baba Uí Chonaire
    Gender
    Female
    Address
    An Tuairín Mín, Co. Galway