School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 017
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach sa póca é. “Cuirfeadh mé geall leat.” ar seisean leis an máighistir “ná féadfair–se mo phleann do dhéanamh.” Bhí ullamh láithreach. “Glaoidh amach anois ar bhean an tighe féachaint an mbeidh sí sásta leis. Níl aon geall agam a chuirfidh mé ach tabharfaidh mé blian duit gan aon leath-phingin.” Ghlaoidh sé an bean an tighe. “Tá geall curtha aige seo liom. Níor dhein sé aon rud in aon cor ach sheasamh suas díreach agus sgaoil sé d’aon stróc amháin de’n sgin mar seo anuas. Tháinig an t-aráin amach cómh glan agus do thóg sé ó’n mbord é. “Seadh anois beir-se ar sgin. Dhein an dála ceadhna atá déanta agam. “Dhein sé agus cómh luath in Éirinn agus bhí sé déanta aige thuit sé ar an dtalamh agus d’fhan sé ann. “Mhuire Mháthair,” arsa bean an tighe, “tá sé marbh agat.” “Nách é sin a thoil féin,” ar seisean. Thógadar leo é isteach marbh. Chureadar lar na mháireach é. “Tá sé cómh maith agat teach in aonfeacht liom go dtí an tig agus má dheineann tú mo gnó i gceart” ar sise, “tabharfaidh mé m’inghean ar fad duit agus an áit.” Dheineadar alright agus thug sí a h-inghean le pósadh dhó.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
    Pádruig Ó Súilleabháin (69)
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Chúise.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    69
    Address
    Killarney, Co. Kerry