School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 023
  3. XML “Scéal - An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cheangal sé an chaoiredo clíatháin an gheasa agus d’imthig sé a d’íaraidh na bróige eile, an bhróg a bhí salach. Nuair d’imthig sé ag íarraidh na bróige sin phreab an bhuachaill a bhí istig sa pháirc coirce amach agus d’árduigh leis an chaoire. Nuair a tháinig an fear eile ag tríall ar a chaoirig, bhí sí árduighthe cun siubhal ag an bpríntíseach óg. Tháinig sé, an bhuachaill críonna abhaile cun an mháighistir. “Cárbh fhághas an chaoire uait.” D’imthig sé uaim agus ní raibh aon rud le déanamh agam ach teacht abhaile” ars’an sean-bhuachaill. Thiomáin sé ar siubhal lá’r na bháireach aríst. “Bheul” ars’an máighistear leis an bhfear óg “má goideann tú anocht arís í déarfaidh mé nách olc thú. Cuimhnigh an fear óg ar phlean eile. Cad a dhein sé ach preab isteach i bpáirc coirce agus bheith ag méilig mar a bheadh an chaoire ag méilig. “Am bhriathar” ars’an bhuachaill, “Sin í an chaoire a d’imthig uaimse aréir agus dá mbeadh an dhá ceann agam ag dul abhaile, do bheadh an t-áthas orm.” Phreab sé isteach i bpáirc an choirce agus faid a bhí sé ag déanamh isteach chuaidh an lead óg amach gus ghoid sé an chaoire. Nuair a chuaidh an t-sean –bhuachaill abhaile dubhairt an máighistear leis:- “Dhera cad d’imthig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    69
    Address
    Killarney, Co. Kerry