School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 050
  3. XML “Iníon na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsan agus chuaid sí in aonfeacht leo le uisge sa galún agus féar glas san aprún. Thaisbeán sí don maighistear é. Fuair sé slaitín draoidheachta agus bhuail sé an cailín leis. Dhein sé cloch dí amuigh sa garrdha.
    Lá des laetheannta annsan dubhairt an tarna driofúr lena máthair go mbeadh uirthi imtheacht ag pléide a fortúin. “Ciaca bfearr leat bulóg mhór agus mo mhallacht nó an ceann beag agus mo bheannacht” ars an máthair.
    Thóg sí an ceann mhór. D’imtig sí agus cad é an áit gur tháinig sí treasna ná an áit ina raibh a driofúr agus chuaid sí isteach agus do labhair sí leis an maighistir fé mar do dhein an cailín eile. Dubhairt an duine is óige nuair ná raibh an beirt eile ag teacht go mbeadh uirthi dul agus a bheith ag déanamh dí féin.
    “Tabhair dom an bulóg bheag agus do beannacht” ars sí lena máthair. Bhailig sí léi agus tháinig sí treasna an bhfear céadhna airíst, agus do réitigh sé léi agus do thug sé dí an post céadhna. Bhuail an comhtalán rinnce léi agus an ceól is breaghtha a cloisfeá. D’imtig na h-asail leo ó’n rinnce agus do lean sí iad go dtí go cuadar go dtí ríoghacht na bhFlaitheas agus bhí tobhar bainne agus na h-aingil ag bainne agus ag ithe aráin. Cuir sí bainne sa galún agus an t-arán ‘na h-aprún agus d’imtig sí abhaile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Buirtinig
    Gender
    Female
    Address
    Killarney, Co. Kerry