School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 068
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Deintí an geir do leaghadh agus é do chur i gcrúsga. Geóbhfá an múnla annsan agus páideóg. Bheadh tairgne ann cun an páideóg do coiméad sínte. Sgaoilfeá an geir isteach sa mhúnla. An múnla do cur síos san uisge fuar. Nuair a bheadh sí crúaidh fuar ansan d’fhéadfá é do tharrac amach.
    Amannta eile do mairbhuighidís lunga agus maidráí éisg (is fearr íle an madra). Deinidís an t-iasg do gearradh agus bhainidís amach an ae. Chuiridís an ae ar an dteine san sliogadh cun é do leaghadh agus an íle d’fághailt. Amach an doras leis annsan agus cuiridís an íle i mbuidéil. Chuiridís páideóg san mbuidéal agus ar sgrugall an bhuidéil chuiridís clúdach píopa agus tré poll an chlúdaig bhíodh páideóg de corduroy. Na daoine a bhíodh cois na fairrge dhíolaidís an íle agus ghéibhidís leath raoil an gloine air. An té go mbíod muillean aige níor mhaith leis in aon chor an íle a bheith ar an olann. B’fhearr leis an íle féin do chur ann – íle ráibe a tugadh air.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é
    Mícheál Ua Muircheartaig
    Tig na mBocht,
    Cill Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Baile na h-Abhainn
    Paróiste na Mórach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Míceál Ua Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry