School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 099
  3. XML “Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (4)
    Sam Hussey. An lá go mbeadh an cíos tuitithe ortha mar a mbeadh gac aon leat pingín cruinn acu bhíodar an dorus amach aige. Dubhairt fhear go raibh sé leath-sobheraign gairid do agus go dtabharfadh sé dó é lár na máireac é. Fág mo radharc nó déanfad brúscair díot leis an ngunna.” Chaith sé gabhailt amac. Cuaid sé go dtí fear san mbaile, d’iarr sé air deich sgilling a thabhairt dó. Dúbhairt sé go dtabharfadh sé agus fáilte. Tug sé dó é agus cúaidh sé isteach arís leis an gcíos. “Cogar” ar seisean “tá tú ag teacht aríst ag magadh fúm” “Ní h-ead ná ag magadh fút mar moladh le Día fuaireas ó shoin é.” “Ba mhaith an báil ort é go bhfuairis” ar seisean “mar do bheadh sgéul nuadh ag imteacht agat.”
    (5)
    Na Deacmhaithe Caithidís ceithre leabhaidh des na leaptaca d’fhaghailt uatha, ceithre leabaid cos ar chlaidhe, ceithre leabaid deic leabaid amac uaidh san aríst ar eagla go mbeadh aon fheabhas amach sa gort ná beadh cois an chlaidhe. Chaithidís an rud céadhna do dhéanamh leis an gcoirce. Pé paiste den ngort go “pitchalaidis” air caithead síad é fágailt.
    Ainm an duine ón a bhfuaras íad seo:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    I Baile Ruistín, Daingean Uí Chúise, a chaith sé a óige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry