School: Sliabh na Cille (roll number 14513)
- Location:
- Slievenakilla, Co. Leitrim
- Teacher: Peadar Mac Fhlannchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh na Cille
- XML Page 201
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce ¶ Ó d'imigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach”
Fuaireas an píosa seo leanas ó shean- fhear darbh ainm Proinnsias MacFhlannchadha a bhí 'na chomhnuidhe i mbaile talmhan Sréách na Fearna, i bparóiste Baile na gCléireach, Co. Liathdroma. Lá Fhéile Peadair is Póil, 1928, do sgríobhas síos uaidh é. Ní raibh mórán Gaedhilge aige ach chuala sé an t-amhrán seo dá rádh ag na sean-daoine. Dob fhéidir leis féin é do chasadh go binn. Ní raibh a fhios aige cé chum é. Fuair sé bás go luath 'na dhiaidh sin. Sílim go raibh sé timcheall le 75 bliadhain d'aois nuair d'éag sé.
" Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailceÓ d'imthigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach;'Sí ba deise cos, leaca 'gus 'eadanIs le n-a dhá láimh gheala do scaipfeadh sí an saoghalAgus ochón ó.
Agus Eachdhruim Mór is tú atá buaidhearthaNí iongnadh liom duit ó d'éag Eoghan Early,Ní ghoirfidh an chuach is ní labhóchraidh an traona,Is tá an bradán bán ag fagháil bháis le buaidhreadhAgus ochón ó.
Agus Eoghan ó Mochóirghe bheirim fhéin a' sway dhuit,Is ar do theaghlahc gheobhfaidh an pléisiúr,Bhí fíon i n-a thuile agus punch dhá léir sinAgus tá pléidhe seamra (?) ag Clann na nGaedhealAgus ochón ó(continues on next page)- Informant
- Prionnsias Mac Fhlannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Greaghnafarna, Co. Leitrim