School: Sliabh na Cille (roll number 14513)
- Location:
- Slievenakilla, Co. Leitrim
- Teacher: Peadar Mac Fhlannchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh na Cille
- XML Page 202
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce ¶ Ó d'imigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach”
(continued from previous page)Ó nuair éirighim ar maidn a's ghluaisim chun an aonaigh,
Dearcaini uaim ar na marcaigh thréana,
Nuair nach rachas Eóghan ar a ghillín ghlégeal,
Hillim 'un a' bhaile a's ní ólaim braon
Agus ochón ó.
A Mhuire 'gus a Rí céárd a dhéanfas an Cléirceach,
San áit acu a leagfadh siad a dtaobh air,
Ó D'imthigh an té bhéárfadh plúr agus meadhg daobhtha
Is cead a bheith 'na gcodladh i gclúmhaigh na n-éan
Agus ochón ó
A Mhuirgi Rí na nGrásta nach buadhartha bocht an cás é,
Éanlaith na gcoilleadh ar buile 's ar buaidhreadh,
Gur ab é dubhairt an londubh anonn leis an gcéirsigh
Tabhair cogar don gcuaich gan labhairt go h-éag ann
Agus óchón ó
Agus éistfimid feasta dubhramuid go leor leobhtha
Bhí áit ró-mhór i bhflaitheas Dé leobhtha
Nuair a thug siad uainn é suas le pléisiúr
Cuirimíst á mbeannacht a's beannacht Mhic Dé leobhtha
Agus ochón ó. "
Nóta ar fhoghar na bhfocal mar a dubhairt sé iad_Buaidheartha = baothra agus "ao" = é cosmhail le "ao" i gcanamhaint Chúige Mumhan.Tabhair fá ndeara " labhóchroidh " agus " hillim "." In a' bhaile " dubhairt sé; " bridán " adubhairt sé i n-ionad bradán. Chuala mé " brún " i n-ionad "braon" ins an gceanntar seo.(continues on next page)- Informant
- Prionnsias Mac Fhlannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Greaghnafarna, Co. Leitrim