School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 099
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Chuaidh Sabh Ní Shúileabháin - bean as an Tuairín - ag iarraidh tobac saor don Spidéal fadó...”
Chuaidh Sabh Ní Shúileabháin - bean as an Tuairín ag iarraidh tobac soir don Spidéal fadó agus nuair abhí sí ag dul soir thar Aill Na gCraoidh (Gry) d'fosgail an aill isteach agus tugadh isteac ann í Fuair sí neart le n-ithe is le n-ól ann. agus chonnaic sí sean fhear ag caoineadh sa gclúid "Céard atá ort" ar sí leis an bhfear
"Tá mé le fágáil in áit bó Mhártan Uí Thuathail i ndoir' Fhatharta mór i mbárac agus gheobhfaidh mé droc uasáid 'gom tharraingt siar ag an taoile"
"Dia linn 'a mhic ó" deir Sabh Ní Shúileabháin
Tugadh siar i seomra eile í agus bhí sean fhear mór millteach caillte ann
"Cé níghfeas é seo" adeir Bainrioghan na Bruidhne
"Cé níghfeadh é ná a ghlanfadh é ac Sabh Ní Shúileabháin" a deir cailín a bhí ann
"Cé bhéarfas é" a deir Bainrioghan na Bruidhne
"Cé bhéarfadh é ac Sabh Ní Shúilebháin"
Cé leagas ós chionn cláir é ac Sabh Ní Shúileabháin"
Nuair abhí na trí ráidhte ráidhte aca
"Muise go deamhan ná gon Diabhail ní níghfidh Sabh ní Shúileabháin é"
Rugadh ar thóin is ar cheann uirthe agus caitheamh amach as an mbruigheann í agus caitheamh(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Áine Bean Peadar Uí Ceallaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway