School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 029
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    san go raghadh sí isteach is amach tríd do ceann. Bíonn sioc ag teacht.
    Comharthaí Stoirme. Nuair a bheadh na scamaill ag imtheacht ar an spéir gur ar éigin a chifeá ag imtheacht iad, bheadh ana ghála cúghat. “Fáiscimís suas gach aon nídh. Tá an gála cughainn, pé cé indiu nó amáireach a geóbhaimídh é” a deiridís.
    An Ghrian. Dá dtéigheadh sí síos múchta brónach, bheadh ana droch aimsear cúghat. Bíonn réiltíní ana gann ar an spéir aimsear sheaca, ach bíonn ard sholas ionnta.
    An Gealach. Nuair a bhíonn an ré ‘na seasamh deas díreach ar an spéir, gheobhfá aimsir ana bhreágh aisti, ach nuair a bhíonn sí ‘na suidhe-taobh an tsoluis síos di agus an taobh dorcha anáirde gheóbhfair ana dhroch aimsir aisti. Má bhíonn bogha sín síar ó dheas gheóbhfá ana droch aimsir. Má bhíonn an bogha sín soir ó thúaidh gheóbhfá aimsir bhreágh. Dá bhfeictheá bogha sín leis na ceithre dath ann gheóbhfá ceathanna fuar-sneachtaidh. Dá bhfeicteá bogha-sín leis an dá dath ní bheadh sé go h-olc ar fad in aon chor. “Ní h-aon ana-bhuachaill é sin.”
    “Níos dtráithg” a tugtar ar éanlaithe a thagann ó’n bhfairrge. Tagann sí aníos nuair a bhíonn droch aimsir chúca. Tá síad níos mó go mór ná an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry