School: Sliabh na Cille (roll number 14513)

Location:
Slievenakilla, Co. Leitrim
Teacher:
Peadar Mac Fhlannchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0206, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0206, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh na Cille
  2. XML Page 201
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce ¶ Ó d'imigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach

    Fuaireas an píosa seo leanas ó shean- fhear darbh ainm Proinnsias MacFhlannchadha a bhí 'na chomhnuidhe i mbaile talmhan Sréách na Fearna, i bparóiste Baile na gCléireach, Co. Liathdroma. Lá Fhéile Peadair is Póil, 1928, do sgríobhas síos uaidh é. Ní raibh mórán Gaedhilge aige ach chuala sé an t-amhrán seo dá rádh ag na sean-daoine. Dob fhéidir leis féin é do chasadh go binn. Ní raibh a fhios aige cé chum é. Fuair sé bás go luath 'na dhiaidh sin. Sílim go raibh sé timcheall le 75 bliadhain d'aois nuair d'éag sé.

    " Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce
    Ó d'imthigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach;
    'Sí ba deise cos, leaca 'gus 'eadan
    Is le n-a dhá láimh gheala do scaipfeadh sí an saoghal
    Agus ochón ó.

    Agus Eachdhruim Mór is tú atá buaidheartha
    Ní iongnadh liom duit ó d'éag Eoghan Early,
    Ní ghoirfidh an chuach is ní labhóchraidh an traona,
    Is tá an bradán bán ag fagháil bháis le buaidhreadh
    Agus ochón ó.

    Agus Eoghan ó Mochóirghe bheirim fhéin a' sway dhuit,
    Is ar do theaghlahc gheobhfaidh an pléisiúr,
    Bhí fíon i n-a thuile agus punch dhá léir sin
    Agus tá pléidhe seamra (?) ag Clann na nGaedheal
    Agus ochón ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Prionnsias Mac Fhlannchadha
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Greaghnafarna, Co. Leitrim