Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)

Suíomh:
An Choill Mhór, Co. Liatroma
Múinteoir:
Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmore
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Ciotrainn a Tharla i Loch Aillionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an 18adh lá d'Aibreán 1831 tharla timpiste mór i Loch Ailinne. Ar bhreachadh an lae, d'fág bád breágh an caladh, a bhí síos ag Ros, san áit a ritheas an t-Sionnan isteach san loch.
    Bhí ceathrar fear, deichneabhar ban agus iad ag dul go Druimseanbhó ar an taoibh theas de'n loch. Bhí an turas deich míle nó mar sin. Bhí cuid de na daoinibh ag ceannacht rudaí agus an cuid eile ag díol ime agus uibheacha agus earraidh le ceannacht acha freisin. Bhíodar go gnáthac ar fead an lae. D'fágadar an baile mór ar a trí a clog um thráthnóna. Bhí go leor beartanna ag gach duine agus malaí plúir agus malaí mín, bróga agus leathair agus go leor rudaí eile. Tharla go raibh an t-uallach ro-throm. Ní raibh beirt fhear réid nuair a bhí an bád ag imteacht abhaile agus d'fhánadar i nDruimseanbhó.
    Chuaidh an bád ar snámh agus bhí gach rud a'dul ar aghaidh ach amhain go raibh ualach ró-throm san mbád. Nuair a bhíodar i lár an locha, cúigh míle ó Dhruimseanbhó d'éirigh an ghaoth, thainich scanradh ar na mnáibh agus níor fhanadar in a suidhe san mbád ach d'éirigheadar de gheitheadh agus d'iompuigheadar an bád agus amach le gach duine san uisge. Ní raibh snámh acha agus chuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tessie Mc Loughlin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. Liatroma
    Faisnéiseoir
    Maggie Mc Loughlin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. Liatroma