Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)

Suíomh:
An Choill Mhór, Co. Liatroma
Múinteoir:
Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmore
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Oíche Nollag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Nodlag lastar coinneal mhór chéireach ins an gach tigh - an leanbh is óige 'sa thig is é lasann í - agus cuirtear 'na 'seasamh 'sa bhfuinneóig í agus deintear an choinneall féin agus an tigh go léir do mhaisiú le cuileann na gcaor ndearg agus le heidhin i nonóir na féile.
    Déineann bean an tighe " boxty " agus suidheann an líon tighe timceall an bhuird i gcóir an t-suipéir.
    Ní cuirtear an doras fé glas Oidhche Nodhlag mar bíonn an Naodhnain Íosa agus a mháthair agus aingéil ó bhFlaithis Dé amuigh an oidhche sin. An maidin lae Nodlag, bíonn gach éinne 'na shuidhe go moch mar bíonn an t-aifreann go moch ar mhaidin sin. Bhíonn sé dubh agus dorcha agus na daoine ag dul chun an aifrinn; ach, mar sin fhéin, bíonn pobal mór ag an gcéad aifreann an lá san ag glacadh Comaoine Naomhta, taréis bheith ag an bhfaoisdin an oidhche roimhe sin. Nuair a castar na comhursain ar a céile.
    Taréis an bhreicfeasta, bhíonn bean an tighe go cúramach i mbun an dinnéir, mar bíonn fleadh mhór agus féasta ins an gach tigh an lá san. Bhíonn ceól agus abhráin agus rínnce ins na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Nollaig (~455)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigid Corristine
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. Liatroma
    Faisnéiseoir
    Brigid Corristine
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. Liatroma