Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)

Suíomh:
An Choill Mhór, Co. Liatroma
Múinteoir:
Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmore
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “An Tuíodóir”
  4. XML “The Method of Thatching”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Céard maith is eadh céard an tuigheadóra agus tá páighe maith as. Obair ghlan is eadh é agus bionn sé amuigh fé'n aer úr i gcomhnuidhe e. Gheibheann an tuigheadóir a cheard ó'n a áthair agus ó'n a sinnséar . Gheibheann an tuigheadóir mhaith ceithre sgillinge in aghaidh an lae. Tá triúr tuigheadoír ins an gceanntar seo.
    Nuair a bhíonn ag tuigheadóir ag teacht bíonn ar an bhfeilméoir dréimre a fhágháil, luachra nó tuighe agus na sgoilb a fágáil agus bíor do chuir ortá . Nuair a thagann sé bíonn sgian agus sórt casúir déantá de adhmuid ar a tugtar 'mallet' agus bíonn mála agus féar ann faoi na ghlunaibh aige nuair a bhíonn sé ar an dréimre. Bíonn buachaill le na thaobh agus píce in a laimh aige. Bíonn sé ag tabhairt na luachra nó an tuighe suas chun tuigheadora . Tagann sé anuas de'n tigh cúpla uair san ló le'n phiopa do caitheamh agus bíonn sgéalta deasa aige i gcomhnuidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. tuíodóireacht (~353)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigid Mc Loughlin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. Liatroma