School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 166
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann uair amhain agus bhí sé posta. Bhí a bhean iongantach fallsac agus ní dheanfaidh sí rud ar bith do. Ba ghnathach leo a bheith ag troid achan lá fá dtuadh do rud eiginteach.”
Bhí fear ann uair amhain agus bhí sé posta. Bhí a bhean iongantach fallsac agus ni dheanfhaidh sí rud ar bith do. Bá ghnathac leo a bheith ag troid achan lá fá dtuadh do rud eiginteach. Bhí an bean ag radh go raibh an fear ag ól achan lá. Nuair a deirfeadh an bean seo leis an fhear chuirfead sín fearg air agus thogfhad sín troid eatorra.
Lá amhain chuadh an fear amach ag baint preataí. Nuair a bhí sé amuigh tamaill (beg) beag chosuigh sé ag cúr fearthainne agus ní rabh sé ábalta é a sheasadh níos fuide. Tháinig sé isteach agus é chorr a bheit baidhte fá choinne braon tae. Nuair a tháinig sé isteach bhí an bhean na codladh agus bhí an téine as aice. Ní rabh fhios aige caidé bá choir do a dheanamh acht sheas sé tamaill beag ar chead uair ag corradh an téine agus chuir móin uirthe.
Mhusgail an bean nuair a mhothuigh sí an fear istoigh ag deanamh rudaí fríd an teach. Chuir an fear ceist uirthe agus arsa seisean caide tá tú ag deanamh do luighe annsin. Bhí mé coinghailte na shuidhe ag an téine gruma sín. Tháinig fearg mór ar an fhear agus arsa seiseán nach dtiocfad leat téine maith a(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Cathail
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Mac Cathail
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal