School: Dooey (roll number 15657)

Location:
An Dumhaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Mac Amhlaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dooey
  2. XML Page 274
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí i Luimnigh agua bhí sí ag dul go aonach i gCorcaigh. D'éirigh sí go luath ar maidín siocar na raibh clog ar bith aici acht sgairt an coilligh ar maidín.

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí i Luimnigh agus bhí sí ag dul go aonach i gCorcaigh. D'éirigh sí go luath ar maidín siocar na raibh clog ar bith aici acht sgairt an coilligh ar maidín.
    Nuair a d’éirigh sí cuaidh sí ar siubhal. Bhí uirthe cnoc a dul tradna. Nuair a bhí sí giota beag síos tháinig bean deirce cuighe agus bhí sí ag cainnt leithe cupla uaire.
    Chuaidh sí giota beag eile agus casadh sagart uirthe. Bhí an sagart sin marbh le cupla bliadhna agus bhí an bean iongantach uaigneach. Dubhairt an sagart ‘gan uaigneach ar bith a bhéith uirthe agus dubhairt an bean na mbéadh. (O) Bhí sé ag cainnt leithe cupla uaire. D’imthigh sí leithe annsin agus bhí sí ag an aonach trí uaire sul a glanadh an lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighidh Ní Ghallachobhair
    Gender
    Female
    Address
    An Dumhaigh, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Ghallachobhair
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    An Dumhaigh, Co. Donegal