School: Both Íseal (roll number 16744)
- Location:
- Boheeshil, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ua Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Both Íseal
- XML Page 003
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche amháin bhí fear ag dul go dtí aonach go Cíll Orglan. Ní raibh aon clog san tig aige. Chuaidh sé amach ar a h-aon a chlog. Núair a tháinig sé isteach ceap sé go raibh sé a chuig a chlog ar maidin. D’imtig agus d’fhág sé an baile ag dul go dtí an t-aonach. Ní raibh aoinne ag dul go dtí an t-aonach leis.
Siúbhal sé go dtí gur chuaidh sé chun poll gainmhidhe ar an mbóthair. Ní raibh aon eagla ar an fear. Siúbhal bean amach ar an mbóthar. Do labhair sé léi, agus do labhair sí cuige. Do siúbhal an beirt acu le na céile míle an bóthar. Do stad an bean ar thaobh an bhóthair.
Núair a chonnaic an fear an bean ar an mbóthar, dúbhairt sé léi, “Tar go dtí an t-aonach liom.” Dubhairt sí “bead id dhíaidh.” Siúbhal an fear mile eile agus ní fheaca sé an bean.
Tháinig eagla air anois. Ceap sé go raibh sé a h-aon nó a dó a clog san oidhche. Chuaidh sé isteach i dtig ar thaobh an bhóthair. D’fhan sé ann gur tháinig an maidin. Núair a tháinig an maidin do shiúbhal sé go dtí an t-aonach. Dubhairt an bean leis fanamhaint sa baile gach oidhche eile. Dubhairt sí go raibh na púcaí ag faire air.Pádraig Ua Muiréis,
Gleannmaicí, Gleann Cárraig, Condaé Cíarraidhe.
50 bl- Informant
- Pádraig Ua Muiréis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Glanmakee, Co. Kerry