School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 079
  3. XML “Cruatán”
  4. XML “Scéal i dtaobh Creach a Tógadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    in áirde. thagaidis annsan agus ceantarfidis an talamh. bhí an cíos ró árd annsan, agus ní raibh na creatúirí bochta ábalta an cíos
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal i dtaobh creach do tógadh
    Lá tráigh móire timcheall na Bealtaine do bhí na fir sa tráigh i mbórd Eóighinín, agus ní raibh éinne ins na tigthibh acht na mná. Do tháinig triúir agus cuigear ó'n Sgairt, agus nuair ná raibh an cíos rómpa, bhailigeadar an stoc go léir as an áit. Seadh nuair tháinig na fir go léir ón dtráig ní raibh aon ainimhídhthe rómpa. Dimthig fear as a seacht ó bórd Eoighinín, agus cleitheacha aca ina ndiaidh. Dimthigheadar leo. Bhíodar ag fághailt a dtuairisg igcómhnuidhe go rabhadar mórán slíghe rómpa amach. Thugadar dhá lá in ndiaidh an slíghe sin, agus sa tríomhadh lá amuigh aca ag tuitim na hoidhche, do bhuail fear leo, agus chuireadar tuairisg air, an bhfeacha sé a léithidí. Dubhairt sé leo go rabhadar ag dul isteach leis an stoc go oileán. Dimthigheadar futha siar san oileán, agus bhí teampall i lár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish