School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá timcheall trí gabha i Cathair Saidhbhín. Tugtar leas aineamhaca ortha súd. An gabha geal atá mar ainm ar duine amhain. Bhí a muinntir ina ngaibhne rómpa. Tá duine aca i mbun na sráide - gabha maith leis adeir siad. Tá sruthan maith uisce inaice a sheaintí. Tá ceann stáin ar a sheaintí leis, doras maith leathan árd cun na capaill dul isteach ann. Tá aon teallac amháin istig ann. Tá builg breág ann leis a shéideann an teine dho. Tá píopa ag teacht as a cliathán cun an teine do shéideadh.Bíonn úirlisí agus srl (?) aige. Cuireann sé crúidte fé capallaibh, agus asal leis. Deineann sé ceacda cun oibre, suic a cur ortha. Deineann sé brácaí leis. Deineann sé ráithiminí maite láidre leis. Deineann sé pichí móna, agus deineann sé sleagháin leis, Cuireann sé cosa fé corcán - "plaice" istig agus "plaiche" ar an dtaobh(continues on next page)
- Informant
- Séamus Mac Shéamuis Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Seanchaí
- Address
- Cahersiveen, Co. Kerry