School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feoil ag dul síos nuair a bhí na daoine go léir beathuighthe i rith na dhá bhliain sin.
Bhí comaoin ag teacht ar an saoghal annsan agus an biadh go flúirseach mór thimcheall na háite. Ba geárr go raibh an bairrle folamh agus dimthig an cabáiste cómh maith leis. Is dóca gur duine naomhta a beadh é sin. agus bé Dia a dhein é sin cun na daoine a bheathú mar sin i rith na ngortad. - Sgéal eile i dtaobh an Fear Ceadna.
Bhí sé ina chodlad ar bárr faille lá. Lá breágh do beadh é. Thuit néall chodla air le teas na gréine. Dhúisig sé go hobann, agus nuair d'fhéuch sé amach ar an bhfairrge cad do cídfeadh sé acht talamh in ionad uisce.
D'fhéuch sé ina thimpall, agus cad do bheadh ann, ná óigbhean áluinn dtaobh thiar dá ghualann. Do bheannuig sí dho, agus dubhairt sí leis dul amach ar an dtalamh amuigh. Tháinig scannradh air, agus dá(continues on next page)