School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 187
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ba, beithidig, buláin, beitheadach baineann againn sa bhaile. Bail, as plur, an drimfhionn as Ciarraidhe srl. a cuirtear mar ainimeacha ortha. Deirid siad hóbhaile, hóbaile, hóbhaile iad nuair a beadh siad ag tiomáint na ba abhaile. Nuair a bheadh siad ag doras an cró, deireann siad cró isteach, agus hush isteac nuair a bhíonn siad ag dul isteach. Deireann siad such such suc nuair a bhíonn siad ag glaodach na gamhna cun na bainne.Tugtar cró ba mar ainim ar tig na mbó. Cuirtear raitheanach no aiteann mar easair fútha. Ceanghaltear bó maol le braigdeán ar a muineál. Curtar slabhra ar an staic sa bhfalla, an braigdean a cur isteach i lúb na lorga. Cuirtear lúb eile ar an mbraigdeán, ar eagla go ritfidh an téid. Ní tactfeadh inaoncor í. Cuirtear téad cnáibe ar ceann bó adharc. Cuirtear lúb ar a h-adharcha. Tugtar "súil" ar ar eagla go sgaoileadh sí leis. Crochtar cosa gamna ináirde(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus Mac Shéamuis Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Seanchaí
- Address
- Cahersiveen, Co. Kerry