School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)meiltí féin í. Níl aon bró, ná aon trát ortha anois cun na h-oibre sin.
Deintí arán de mhin bhuidhe fadó agus anois leis in áiteanna. Cuirtí ceitre stróca i bfuirm croise ar an gcíste. Deintí císte prataí bocstaí as staimpí - Deintí staimpí. Geibhtí piosa stáin, polladh siad an píosa stáin le tairnge - graetéir (?) a tugtaí ar sin. Tairnáiltí an píósa stáin sin ar piosa admaid. Geibhtí na prátaí ba mhó do bheadh aca agus scríobtaí iad san leis "an ngráetear" (?) Nuair a bheidís scríóba aca annsan, geibhtí éádach bán, agus iad a chur isteach annsan, agus an t-uisce a sgagadh amach leis an éadach. Caití mias dfághail annsan, agus cistí dhéanamh díobh annsan agus do chur ar griodal cun iad do bhácail. Bheadh sí sin bacálta dá mbeadh sé tanaidhe níos tapúla ná aon t-arán eile.